Óstán na Mara,
Marbella,
An Spáinn.
14ú Lúnasa
A Liam, a chara,
Bhuel creid nó ná creid táim ag obair anseo in Óstán
na Mara i Marbella na Spáinne don samhradh. Is óstán
mór galánta é ar imeall na farraige agus tá
sé gnóthach ó mhaidin go hoíche le daoine
ag teacht agus ag imeacht an t-am ar fad.
Tá maintín Nuala ag obair anseo le blianta agus fuair
sise an post dom. Nach raibh an t-ádh liom? Bíonn orm bheith
i mo dhúiseacht an-luath ar maidin chun cabhrú leo sa chistin
ag ullmhú an bhricfeasta. Ní chreidfeá an méid
bia a itear anseo gan trácht ar an méid bhruscair a fhágtar
ar na boird agus ar an urlár. Ar ndóigh, bíonn orm
iad siúd a ghlanadh i ndiaidh na béilithe go léir
agus na boird a leagan don chéad bhéile eile. Gan dabht
bím ag saothrú go dian gach lá ach tagann a lán
daoine cáiliúla isteach anseo. Cúpla lá ó
shin tháinig Pierce Brosnan isteach lena bhean chéile nua.
Bhí gach duine ag iarraidh radharc a fháil air agus dfhan
sé linn don deireadh seachtaine ar fad. Cheap mé gur fhear
an-chineálta a bhí ann.
Faighim cúig euro san uair mar phá agus tá grúpa
cailíní agus buachaillí óga eile anseo ag
obair don samhradh mar sin bíonn an chraic go maith. Tá
buachaill eile ó Éirinn anseo. Dara is ainm dó. Tá
sé ag fanacht sa seomra codlata liom agus is cairde buan muid faoin
am seo. Ar ár lá saor gach Céadaoin caithimid an
lá ag sú na gréine ar an trá agus ag imirt
leadóige ar na cúirteanna poiblí anseo i Marbella.
Téann na daoine óga eile amach chuig na dioscónna
agus na clubanna oíche ach níl mé féin agus
Dara aosta go leor le dul amach leo i mbliana.
Ar aon chaoi, conas tá gach duine sa bhaile? An bhfuil Sinéad
fós ag siúl amach le Diarmaid? Conas tá do chailín
féin? Ar chríochnaigh sí leat go fóillín?
Níl mé ach ag magadh, tá súil agam go bhfuil
an bheirt agaibh fós i ngrá. Abair haigh léi. Tá
mé ag súil le teacht abhaile ag deireadh na míosa
agus beidh lá nó dhó againn roimh dhul ar ais ar
scoil don chúigiú bliain. Má bhíonn an t-am
agat ba bhreá liom litir uait leis an nuacht go léir ó
bhaile. Abair le do thuistí go raibh mé ag cur a dtuairisce.
Slán go fóill,
Do chara,
Emmet.
|